Ceithearna Coille in Nua Eabhrac

category international | rights and freedoms | news report author Sunday May 11, 2008 20:10author by Ceithearna Coille Report this post to the editors

Ag baint úsáid as aon gníomharthaí ab ghá." -Maolcholm X

page2_blog_entry31_summary_1.jpg

Tá forbairtí áirithe déanta ag ár bhfeachtais éagsúla le tamall anuas agus i measc na mbuaicphointí tá an chraobh nua atá bunaithe i Nua Eabhrach, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is eol dúinn ar fad go bhfuil pobal bríomhar Gaelach san Úll Mór leis na glúine agus anois tá glór na Gaeilge á ardú acu agus íomhá na teanga a chur chun tosaigh sa chathair i rith an ama. Tá Gaeil na cathrach ag teacht ar an tuiscint gur féidir leis an Ghaeilge bheith lárnach dá saol féin - agus cosúil le Gaeil na hÉireann - go bhfuil gá leis an ghníomh chun an teanga a chur chun cinn.

Mar chomhartha dlúthpháirtíochta lenár bhfeachtais anseo in Éirinn - agus chun cur in iúl gur teanga bheo bheathach í an Ghaeilge i SAM - tá Ceithearna Nua Eabhrach ag díriú isteach ar phróifíl na Gaeilge a ardú thall agus ar na gnímh atá curtha i gcrích acu cheana tá greamaitheoirí a chur ar chomharthaí de chuid Continental Airlines in Grand Central Station agus Aer Lingus in Queens - dhá aerlíne nach bhfuil fógraí Gaeilge ar gach seirbhís Éireannach dá gcuid go fóill.

Má tá cónaí ort sna Stáit, nó más mian leat breis eolais ar chraobh NYC, tabhair cuairt ar shuíomh Bebo s'acu...

http://url.ie/dle

Related Link: http://url.ie/dle
© 2001-2008 Independent Media Centre Ireland. Unless otherwise stated by the author, all content is free for non-commercial reuse, reprint, and rebroadcast, on the net and elsewhere. Opinions are those of the contributors and are not necessarily endorsed by Independent Media Centre Ireland. Disclaimer | Privacy