Slua mór amuigh ag tacú le Naonúr Raytheon

category antrim | anti-war | news report author Tuesday May 27, 2008 13:52author by Ciarán Ó Brolcháin Report this post to the editors

Bhí slua mór daoine, cuid mhaith acu a tháinig ó Bhaile Átha Cliath agus ó Dhoire agus ó áiteanna eile, taobh amuigh de Chúirteanna Cois Lagáin i mBéal Feirste ar maidin ag léiriú a gcuid tacaíochta le Naonúr Raytheon a bhí os comhar na cúirte arís inniu.

dscf5741.jpg

Bhí líon maith den lucht frithchogaidh taobh amuigh den chúirt inniu, ag maíomh nach coir é bac a chur ar choir cogaidh. Labhair Eamonn McCann, duine den naonúr, labhair sé faoin triail agus an gá le tacaíocht a thaispeáint - chan amháin don naonúr ach do na pobail éagsúla ar fud na cruinne (agus sa Domhan Arabach go háirithe) a fhulaingíonn mar gheall ar na hairm a dhéanann Raytheon.

Labhair Colm Bryce, duine eile de Naonúr Raytheon, agus luaigh sé go raibh George Bush - an coirpeach cogaidh is mó ar domhan - le teacht go Béal Feirste ag tús mhí Meithimh agus go raibh dualgas orainn ar fad cinntiú nach bhfuil fáilte roimh a lethéid de dhuine i mBéal Feirste, dúirt sé agus go mbeadh Naonúr Raytheon ar chéad líntí na hagóide ina éadan (más rud é nach mbeidh siad ina n-aoi ag an stát faoin am sin).

Agus daoine ag dul isteach sa chúirt le tacaíocht a léiriú agus an triail ar bun, léadh amach liosta de na grúpaí i gcóngar agus i gcéin a sheasann i ndlúthpháirtíocht le héacht an Naonúir - grúpaí ón Airgintín agus ón Nua-Shéalainn ina measc.

dscf5738.jpg

dscf5728.jpg

dscf5731.jpg

dscf5733.jpg

author by Lara Hillpublication date Thu Jun 05, 2008 13:08Report this post to the editors

Go raibh maith agat Ciarán as ucht do phíosa nuacht agus na grianghrafanna. Aithníonn mé cúpla cairde ó BAC sna grianghrafanna! Bhí díoma orm nach raibh mé in ann taistil go dtí Béal Feiriste ach an obair....Beir bua!

 
© 2001-2008 Independent Media Centre Ireland. Unless otherwise stated by the author, all content is free for non-commercial reuse, reprint, and rebroadcast, on the net and elsewhere. Opinions are those of the contributors and are not necessarily endorsed by Independent Media Centre Ireland. Disclaimer | Privacy